Márta agus Aibreán: 08:00 – 19:00
Áirigh Ar Líne Amháin

Suíomh agus treoracha

Cá bhfuil Aillte an Mhothair suite?

Tá Aillte an Mhothair suite ar chósta thiar na hÉireann gar do shráidbhaile Lios Ceannúir i gCo. an Chláir.

Treoracha ag teastáil?

Is é Aerfort Idirnáisiúnta na Sionainne an t-aerfort is gaire d’Aillte an Mhothair agus gan é ach  uair an chloig ar shiúl. Is féidir eitilt dhíreach a fháil ó Stáit Aontaithe Mheiriceá agus ó mhórthír na hEorpa chuig an aerfort seo a fhreastalaíonn ar Chósta Thiar na hÉireann agus ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin.

Caith do shúil ar shuíomh Aerfort na Sionainne chun tuilleadh eolais a fháil maidir le eitiltí.

Comhordanáidí GPS:
Ionad na gCuairteoirí 52.97201, -9.42592. An Carrchlós 52.97256, -9.42170.

Tá sé éasca do bhealach a dhéanamh chuig  Aillte an Mhothair, ó Ghaillimh (1.5 uair), Inis (40 nóiméad), Luimneach (1.25 uair), chomh maith leis an mbád farantóireachta a sheolann ó Thairbeart i gCiarraí go Cill Íomaí sa Chlár (45 nóiméad). Tá Baile Átha Cliath thart ar 4 huaire chloig ar shiúil, ag tógáil Bóthar Luimnigh.

Ceadaigh suas le 2 uair  an chloig duit féin chun dul ag spaisteoireacht thimpeall ar Aillte an Mhothair. Cén fáth nach bhfanann tú thar oíche sa cheantar le go mbeidh tú in ann lántairbhe agus sult a bhaint as do thuras, as an gcultúr agus as an gCeol Gaelach. Caith súil ar www.visitclare.ie

Aillte ó bhun Cruacha

Conas teacht anseo ar iompar poiblí?

Cibé an bhfuil tú ag taisteal ar bhus, ar chóiste, ar thraein nó ar rothar, seo an chaoi le do bhealach a dhéanamh chuig Eispéireas Aillte an Mhothair.